Suite gar do Pháirceanna na Laoi tá Áras Uí Thuama. Beidh tú sona sásta san árasán nua-aimseartha seo i dteannta le mic léinn eile. Beidh tú ar do sháimhín só i do sheomra codlata úrnua, compórdach a bhfuil áiseanna staidéir ann. Gaeltacht na hOllscoile atá anseo ina bhfuil bloc de naoi n-árasán (le dhá, trí, ceithre sheomra codlata iontu). Fan i dteagmháil le do chairde ar an ríomhphost nó déan do chuid taighde ar do shuaimhneas san áras breá seo tríd an idirlíon atá ar fáil saor in aisce. Cuirfidh tú aithne ar mhic léinn ó gach coláiste agus beidh craic agaibh le chéile.
Chomh maith leis sin, ní bheidh ocras ort riamh agus ollmhargadh díreach in aice leat mar a bhfuil rogha gach bia ar fáil. Níl an ollscoil ach cúig neomat de shiúl na gcos uait agus tá Áras Uí Thuama an-chóngarach do lár na cathrach. Oireann na hárasáin seo do gach gné ded’ shaol. Cad eile a bheadh ag teastáil ó mhac léinn an lae inniu?
Na hÁrasáin
Cad atá sa chistin/seomra comhluadair?
- Iarta leictreonach
- Oigheann leictreonach
- Oigheann micreathonnach
- óڰí
- DZúԳó
- Cuisneoir agus reoiteoir
- Áí
- Sceanra
- ձíá
- Iarann agus bord smúdála
- óٲ
- Citeal
Cad atá sna seomraí codlata/staidéir?
- Binse staidéir agus lampa léitheoireachta
- Leaba dhúbailte le slí stórála
- Seilpeanna
- Scáthán lánfhada
- Soinc
- óڰí
- Clár fógraí
Tá teileafón poiblí i ngach árasán.
Tá ceangal teilifíse i ngach seomra.
NB Caithfidh gach áitritheoir éadaí leapan, cuilt agus piliúir a thabhairt leis / léi.